Eolas faoi NCBI

Tá thart ar 18 faoin gcéad de na daoine a úsáideann seirbhísí NCBI, go hiomlán dall, agus tá réimsí eágsúla de radharc inúsáidte ag 82 faoin gcéad acu.

Cé muid féin

Is eagraíocht charthanach neamhbhrabúsach é NCBI, a chuireann tacaíocht agus seirbhísí ar fáil ar fud na tíre do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu le radharc a súl. Tá thart ar 18 faoin gcéad de na daoine a úsáideann seirbhísí NCBI, go hiomlán dall, agus tá réimsí eágsúla de radharc inúsáidte ag 82 faoin gcéad acu.

Bunaíodh é sa bhliain 1931, chun neamhspleáchas iomlán na ndaoine atá dall nó a bhfuil lagú amhairc orthu, a chur chun cinn, agus tá NCBI ag cur réimse seirbhísí éagsúla ar fáil do bhreis is 13,000 duine anois.

Bíonn réimse seirbhísí á gcur ar fáil ag NCBI d'eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha chomh maith, ionas go mbíonn a seirbhísí inrochtana do dhaoine atá dall agus a bhfuil lagú amhairc orthu.

Tá breis is 150 ball foirne againn, a bhíonn ag cur ár seirbhísí ar fáil agus a bhíonn á dtacú ag foireann dhíograiseach de dhaoine deonacha, ar fud na tíre.

Is é an fhís atá againn ná go mbeadh na deiseanna, na cearta agus na roghanna céanna ar fáil do dhaoine atá dall nó a bhfuil lagú amhairc orthu, is atá ag daoine eile, le bheith go hiomlán páirteach sa tsochaí.

Na rudaí a dhéanaimid

Seirbhísí bunaithe sa phobal

Bíonn réimse seirbhísí á dtairiscint againn le cabhrú le daoine a bhfuil lagú amhairc orthu, le cabhrú leo dul i dtaithí ar a gcás agus a neamhspleáchas a choinneáil. Is féidir na seirbhísí seo, a bhfuil comhairle agus eolas i gceist leo chomh maith le tacaíocht mhothúchánach agus phraiticiúil, a chur ar fáil do dhaoine sa bhaile nó i gceann dár n-ionaid acmhainní, ar fud na tíre. Tá ár seirbhísí ar fáil do dhaoine i ngach aoisghrúpa, idir leanaí nua-bheirthe agus sheanóirí. Bíonn ár bhfoireann, atá lonnaithe sa phobal, ag feidhmiú mar nasc lárnach idir na daoine a mbímid ag obair leo agus na seirbhísí a chuirimid ar fáil.

Seirbhís radhairc ísil

Is féidir le haon duine a bhfuil deacracht aige/aici le radharc a s(h)úl, cuairt a thabhairt ar ár seirbhís radhairc ísil, atá bunaithe go réigiúnach. Anseo, déanann optaiméadraí measúnú ar radharc duine, agus é/í ag obair in éineacht le foireann eile chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cailliúint radharc na súl ar an duine sin, sula ndéanfaidh sé/sí áiseanna do radharc íseal agus áiseanna teicniúla a fhorordú, a d'fhéadfadh cabhrú leis an duine sin ina s(h)aol laethúil.

Oiliúint athshlánaithe agus soghluaisteachta

Bíonn oiliúint á tairiscint ag NCBI i scileanna soghluaisteachta agus maireachtála neamhspleáiche agus cuireann sé réitigh phraiticiúla ar fáil le cur ar chumas daoine a bhfuil radharc na súl caillte acu cúraimí laethúla a dhéanamh go sábháilte agus go neamhspleách. Bíonn an tseirbhís seo ina cabhair do dhaoine a radharc inúsáidte nó a n-áiseanna soghluaiseachta a úsáid go héifeachtach, agus chun scileanna a fhorbairt ionas go mbeidh siad in ann bogadh timpeall, agus neamhspleáchas níos mó acu.

Comhairleoireacht Ghairmiúil agus Piaraí

Chomh maith leis na comhairleoirí gairmiúla atá againn, cuirimid tacaíocht ar fáil trí fhoireann de chomhairleoirí piaraí oilte, a bhfuil taithí phearsanta acu ar chailliúint radharc na súl. Bíonn siad in ann leas a bhaint as an taithí atá acu féin ar lagú amhairc agus as a n-oiliúint mar chomhairleoirí piaraí, ina gcómhráite le daoine.

Leabharlann NCBI

Cuirtear seirbhís náisiúnta de leabhair bhraille, closleabhair agus leabhair le cló mór iontu, i leabharlanna NCBI i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, do 5,000 duine ar fud na tíre. Tá breis is 10,000 closleabhar, leabhar braille agus leabhar le cló mór iontu á gcoinneáil ag an leabharlann, agus bíonn go leor leabhar eile á n-aimsiú i leabharlanna idirnáisiúnta eile acu. Cuirimid nuachtáin, irisí agus irisleabhair mhór-ráchairte Éireannacha i bhfoirm gclosleabhar agus leabhair bhraille do bhreis is 1,500 síntiúsóir.

Seirbhís Malartaithe Meán (MCS)

Cuireann MCS NCBI aonad braille agus cúig chlos-stiúideo taifeadta ar fáil agus is é an soláthraí is mó de bhraille agus de chlos-ábhair in Éirinn. Cuireann an MCS ábhar agus eolas ar fáil i mbraille agus i gclos-fhormáidí do dhaoine atá dall nó a bhfuil lagú amhairc orthu agus do réimse eagsúil d'eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha.

Teicneolaíocht chúnta

Tá réimse de réitigh teicneolaíochta cúnta ar fáil, le cabhrú le daoine eolas a rochtain agus cumarsáid a dhéanamh go neamhspleách. Is féidir lenár bhfoireann treoir a chur ar fáil faoi roghnú agus úsáid na dteicneolaíochtaí cúnta, a bheadh in ann freastal ar na riachtanais ar leith atá ag duine.

Ionad um Theicneolaíocht Chuimsitheach (CFIT)

Cuireann NCBI dearadh inrochtana teicneolaíochta d'úsáid cách chun cinn, daoine le míchumas san áireamh. Bíonn an CFIT ag obair le heagraíochtaí poiblí agus príobháideacha, chun caighdeáin a bhunú agus le cinntiú go mbíonn teicneolaíochtaí inrochtana. www.cfit.ie

Ionaid acmhainní

Tá roinnt ionaid oiliúna agus acmhainní againn ina mbíonn réimse cúrsaí, clár agus gníomhaíochtaí á gcur ar fáil, lena n-áirítear oiliúint ríomhaireachta, ranganna aclaíochta agus ealaíon.

Fostaíocht

Cuireann NCBI comhairle ar fáil d'fhostóirí agus d'fhostaithe araon faoi nósanna imeachta iarratais, agallaimh agus dul chun cinn gairme, chomh maith le comhairle faoi na hathruithe is féidir a dhéanamh le cabhrú le duine a bhfuil lagú amhairc air/uirthi, san áit oibre agus faoi na deontais a d'fhéadfadh a bheith ar fáil.

Rochtain agus feasacht

Déanann foireann NCBI measúnú ar inrochtaineacht na timpeallachta seachtraí, na bhfoirgneamh agus iompair phoiblí, trína gcuirtear seirbhísí feasachta agus comhairleachta ar fáil d'eagraíochtaí ar fud na tíre.

Tacú le NCBI

Bailiú Airgid

Bíonn foireann bailithe airgid NCBI, siopaí Mrs. Quinn agus an líonra de bhailiú airgid ar fud na tíre, ag cur ar ár gcumas leanúint de sheirbhísí ardchaighdeáin agus nuálaíocha a fhorbairt agus a chur ar fáil do na daoine a mbímid ag obair leo.

Oibriú go Deonach

Bhí NCBI arna bhunú ag daoine deonacha, a bhíonn ag cur go mór go fóill lenár gcumas i leith tacaíocht agus seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil aguc chun leibhéal neamhspleáchais agus caighdeán beatha na ndaoine a bhíonn ag maireachtáil le lagú amhairc in Éirinn, a fheabhsú. Bíonn na daoine deonacha ag cur lenár seirbhísí reatha agus cuireann siad ar ár gcumas réimse níos leithne de sheirbhísí a chur ar fáil do líon méadaithe daoine.

Má tá fadhbanna agatsa nó má tá aithne agatsa ar dhuine a bhfuil fadhbanna aige/aici le radharc a s(h)úl, is féidir le NCBI cabhrú leis/léi. Má tá a thuilleadh eolais uait faoi NCBI nó má tá tú ag iarraidh d'oifig áitiúil a aimsiú, téigh i dteagmháil le:

Ceannoifig NCBI
Bóthar Whitworth,
Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9.

Guthán: 01 8307033
Facs: 01 8307787
Íosghlao: 1850 33 43 53
Ríomhphost: info@ncbi.ie

Listen to this leaflet online

Listen to this leaflet in Irish