Gach Eolas a bheadh Uait Faoi Amharc na Súl a Chailleadh

Tá an t-amharc go léir caillte ag thart ar 18 faoin gcéad de na daoine a úsáideann seirbhísí Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill agus tá amharc ar féidir leo é a úsáid ag an 82 faoin gcéad eile ach ní hé an leibhéal céanna amhairc atá acu.

Tá an bhileog eolais seo le fáil i mbraille nó i bhfoirm chlosbhileoige ach í a iarraidh ó Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill ar lóghlao 1850 33 43 53 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig info@ncbi.ie. Tá sí ar fáil chomh maith i mBéarla, i Liotuáinis, i bhFraincis agus i bPolainnis.

Súil a choinneáil ar d’amharc

Ní thugann go leor daoine faoi deara chomh luath sin go mbíonn fadhbanna lena súile ó tharla nach ngabhann pian ar bith leis na hairí luatha. Mar sin féin tá sé ríthábhachtach go n-aimseofaí fadhb ar bith a bheadh ann go luath má táthar chun cailleadh amhairc a throid – dá bhrí sin tá sé tábhachtach aire a thabhairt do na súile.

Seo cúpla nod a chabhróidh leat súil a choinneáil ar d’amharc.

  • Féach chuige go dtéann tú chuig do radharceolaí áitiúil go rialta chun do shúile a thástáil. Tá tástálacha súl ríthábhachtach chun fadhbanna amhairc ar bith atá ann a aimsiú go luath agus dá bhrí sin cuidítear leat na fadhbanna seo a chosc agus réiteach a fháil orthu.
  • Ná caith tobac – tá níos mó seans ann go gcaillfidh lucht caite tobac a n-amharc de réir mar a bhíonn siad ag dul in aois.
  • Coinnigh súil ar do bhrú fola – is féidir le brú ard fola damáiste a dhéanamh do d’amharc.
  • Labhair le do dhochtúir faoi bhealach ceadaithe aclaíochta le go mbeidh tú folláin agus i mbarr do shláinte.
  • Cosain do shúile ar ghathanna na gréine; caith spéacláirí gréine a bhfuil cosaint 100% UV iontu agus caith hata a chlúdóidh na súile go maith. D’fhéadfadh roinnt drochriochtaí súl tarlú de bharr tamall fada a bheith caite faoi ghathanna UV.
  • Ith bianna folláine. D’fhéadfadh aiste bia ar bheagmhéathras ina mbeadh go leor torthaí, grán agus glasraí, go háirithe glasraí le duilleoga móra glasa, roinnt drochriochtaí súl a chosc.
  • Caith do chrios sábhála chun an baol a bheadh ann go ngortófá do shúile i dtimpiste a laghdú.
  • Caith earraí cosanta súl agus aghaidhe nuair a bhíonn tú ag imirt spóirt, ag obair le hábhair Déan Féin É, ag úsáid uirlisí nó ag obair le leachtanna contúirteacha.

Cuimhnigh gur dóigh de go mbeidh drochriocht éigin ar na súile mar:

  • go bhfuil gearr-radharc sa chlann,
  • go bhfuil glácóma nó drochriocht eile súl sa chlann,
  • go bhfuil tú os cionn 40 bliain d’aois,
  • go bhfuil diaibéiteas nó lag-imshruthú fola ort
  • gur ghortaigh tú do shúil roimhe seo,
  • gur cuireadh obráid ar do shúil, nó
  • gur de bhunús na hAfraice nó na hÁise tú.

Eolas faoi chailleadh amhairc

D’fhéadfadh go mbeadh sé deacair ar dhaoine a bhfuil an t-amharc á chailleadh acu rudaí a fheiceáil go soiléir fiú amháin agus tástáil déanta ar a súile agus na spéacláirí cearta nó na tadhall-lionsaí cearta á gcaitheamh acu. D’fhéadfadh go dtabharfadh tascanna laethúla a ndúshlán – mar sampla post a léamh, siopadóireacht, cocaireacht, féachaint ar an teilifís agus scríobh.

D’fhéadfadh go dtarlódh cailleadh amhairc mar gheall ar dhrochriochtaí súl cosúil le meathlúchán macúlach, glácóma, cataracht, nó d’fhéadfadh go dtarlódh sé mar gheall ar dhiaibéiteas nó stróc. Cailleann roinnt daoine amharc lár na súile agus cailleann roinnt eile amharc thaobh na súile. Amharc geamhach a bhíonn ag roinnt daoine agus amharc sceadach a bhíonn ag daoine eile.

Is féidir le Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill cabhrú leat má tá d’amharc á chailleadh agat.

Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill – eolas fúinne

Carthanas seachbhrabúsach is ea Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill a chuireann tacaíocht agus seirbhísí ar fáil ar fud na tíre do dhaoine a mbíonn fadhbanna acu le hamharc na súl.

Baineann breis is 13,000 duine in Éirinn úsáid as seirbhísí Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill.

Na Seirbhísí atá ar fáil uainn

Seirbhísí pobail

Tairgimid raon seirbhísí do dhaoine a bhfuil lagú amhairc orthu chun cabhrú leo a bheith neamhspleách i gcónaí. Áirítear comhairle agus eolas chomh maith le tacaíocht mhothúchánach agus phraiticiúil ar na seirbhísí sin.

Is féidir le daoine na seirbhísí a fháil sa bhaile nó i gceann de na hionaid acmhainní atá againn ar fud na tíre. Cuireann baill foirne atá bunaithe sa phobal againn ár seirbhísí ar fáil agus cuirtear na seirbhísí seo ar fáil do dhaoine ó liath go leanbh.

Seirbhís lagamhairc

Má bhíonn trioblóid agat le hamharc na súl féadfaidh tú coinne a dhéanamh chun teacht isteach chuig an tseirbhís réigiúnach lagamhairc a chuirimid ar fáil. Scrúdóidh optaiméadraí – duine atá cáilithe chun do shúile a scrúdú – d’amharc agus cinnfidh sé nó sí, chomh maith le baill eile foirne, cé mar a chuirfeadh cailleadh amhairc isteach ort agus cén chóir a chuirfeá ar do shaol dá gcaillfeá d’amharc. Ansin d’fhéadfadh go molfaí duit áiseanna lagamhairc agus teicniúla a úsáid agus d’fhéadfadh go gcuirfí comhairle eile ort a chabhródh leat ó lá go lá.

Maireachtáil go Neamhspleách

Cuirimid oiliúint i scileanna soghluaisteachta agus chun maireachtáil go neamhspleách ar fáil agus soláthraímid áiseanna praiticiúla a chuirfidh ar chumas daoine tascanna laethúla a dhéanamh go sábháilte agus astu féin. Is féidir leis na seirbhísí seo, má úsáidtear le chéile iad, cabhrú le daoine úsáid a bhaint as an amharc atá fágtha acu agus scileanna nua a fhorbairt ionas go mbeidh siad ábalta a ngnó a dhéanamh agus níos mó neamhspleáchais a bheith acu.

Tacaíocht do dhaoine atá ag cailleadh amharc na súl

Má theastaíonn uait labhairt le duine éigin de bharr go bhfuil amharc na súl á chailleadh agat féadfaidh na baill foirne pobail agus na comhairleoirí comhchéime oilte atá againn cabhrú leat. Bíonn taithí phearsanta ag na comhairleoirí comhchéime ar amharc na súl a chailleadh, taithí a fhéadann siad tarraingt uirthi agus iad ag labhairt leat.

Leabharlann Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill

Cuireann na leabharlanna atá againn i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh seirbhís náisiúnta leabhar Braille, closleabhar agus leabhar i gcló mór ar fáil do 5,000 duine ar fud na tíre. Tá breis is 10,000 leabhar Braille, closleabhar agus leabhar i gcló mór ar fáil idir an dá leabharlann seo.

Chomh maith leis sin soláthraíonn an tseirbhís leabharlainne atá againn nuachtáin, irisleabhair agus irisí Éireannacha a mbíonn an-tóir orthu, i bhfoirm chlosleabhair agus i bhfoirm Braille do bhreis is 1,500 síntiúsóir.

Teicneolaíocht chúnta

Cuirimid raon de theicneolaíochtaí cúnta ar fáil chun cabhrú le daoine teacht ar eolas agus comhfhreagras a dhéanamh go neamhspleách. Is féidir leis an bhfoireann atá againn treoir a thabhairt duit chun na bogearraí nó an trealamh ceart i gcomhair na riachtanas ar leith atá agat a roghnú agus a úsáid.

Ár n-ionaid acmhainní

Tá rogha leathan d’áiseanna tadhlacha, labhartha agus d’áiseanna i gcló mór inár n-ionaid réigiúnacha acmhainní chun go mbeidh go leor de na tascanna laethúla níos éasca le déanamh. Áirítear uaireadóirí agus cloig labhartha, áiseanna eagraithe bonn agus fóin ar a bhfuil cnaipí móra ar na háiseanna sin ní áirím an chuid eile. Tá oiliúint ar fáil chomh maith inár n-ionaid acmhainní sna scileanna le maireachtáil go neamhspleách agus i scileanna na teicneolaíochta cúnta.

Comhairle faoi chúrsaí fostaíochta

Cuirimid comhairle ar fhostóirí agus ar fhostaithe faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an ionad oibre idir nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar phost go hardú céime sa phost.

Tá comhairle ar fáil uainn chomh maith faoi athruithe cuí a dhéanamh san ionad oibre chun cúnamh a thabhairt do dhuine ar bith a mbeadh lagamharc air nó uirthi agus cuirimid eolas ar fáil faoi dheontais atá ann chun déanamh amhlaidh.

Sochair agus liúntais

Cuireann An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh íocaíochtaí tacaíochta ioncaim ar fáil. Bunaítear roinnt íocaíochtaí ar ranníocaíochtaí ÁSPC agus bíonn ranníocaíochtaí eile bunaithe ar thástáil acmhainní. I gcás go mbeadh go leor den amharc caillte agat d’fhéadfá a bheith i dteideal:

  • Pinsean na nDall – íocaíocht atá bunaithe ar thástáil acmhainní a dhéantar le daoine a chomhlíonann na critéir chláraithe do na “daill”.
  • Liúntas Míchumais – liúntas seachtainiúil fadtéarmach bunaithe ar thástáil acmhainní a íoctar le daoine faoi mhíchumas.
  • Sochar Breoiteachta – íocaíocht ghearrthéarma bunaithe ar ranníocaíocht ÁSPC a dhéantar le daoine nach féidir leo a bheith ag obair de bharr breoiteachta.
  • Pinsean Easláine – íocaíocht fhadtéarmach bunaithe ar ranníocaíocht ÁSPC a dhéantar le daoine nach mbeidh ábalta obair a dhéanamh as sin amach de bharr breoiteachta nó míchumais.
  • Pas Saorthaistil.

Is féidir a thuilleadh eolais faoi scéimeanna agus seirbhísí na Roinne a fháil ó Aonad Seirbhísí Eolais na Roinne:

Lóghlao: 1890 66 22 44
Suíomh Gréasáin: www.welfare.ie
Ríomhphost: info@welfare.ie

Glaoigh ar an Roinn ar lóghlao 1890 20 23 25 nó déan teagmháil le d’optaiméadraí áitiúil nó do shainchomhairleoir áitiúil súl chun bileoga eolais nó foirmeacha a fháil faoi scéimeanna agus seirbhísí na Roinne. Oscailte 24 uair an chloig, 7 lá na seachtaine.

D’fhéadfadh gur ghá duit na critéir chláraithe do na “daill” a chomhlíonadh chun sochair nó liúntais a éileamh ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh.

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill ar Lóghlao 1850 33 43 53 nó le d'optaiméadraí áitiúil nó le do shainchomhairleoir áitiúil súl chun a thuilleadh eolais a fháil faoi cháiliú don chlárú.

Téigh is dteagmháil le Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill ar Lóghlao 1850 33 43 53 nó téigh isteach ar an suíomh gréasáin atá againn www.ncbi.ie má bhíonn amharc na súl ag cur as duitse nó ag cur as do dhuine atá ar d’aithne.

Ceann-Oifig Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill, Bóthar Whitworth, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9

Arna thacú le lánmhóráil ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Tea

Listen to this leaflet online

Listen to this leaflet in Irish